Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “Íosa agus Naomh Peadar”
  4. XML “Deireadh an Domhain”
  5. XML “Naomh Bríd”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    deas air agus thug Íosa roinnt bia dó agus d'imigh sé leis. Nuair a chonaic Peadar é sin tháinigh an-buile ar Naomh Peadar.
    Chuadar abhaile agus ar a slí abhaile dóibh chonaiceadar an fear a raibh na h-éadaigh stracha air agus é tae éis báis.
    Do fuair Íosa an-chuid nótaí agus óir istigh ina phóca agus dúirt sé le Naomh Peadar iad a caitheamh isteach i bpoll.
    Caith Naomh Peadar na nótaí isteach i bpoll agus coiméad sé an t-ór. Deirtear gurab é sin an cúis go mbíonn na sagairt comh ceannmhail san ar an airgead.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-cheanúmhail ar an airgead agus bhí sé ina Phágánach.
    Aon lá amháin thit sé tinn. Tháinigh ceann des na comharsan chun é d'fheiscint agus dúirt sí leis go raibh an spéir ag iompócadh dubh.
    "Ó" arsa an fear "is dócha gurb é deire an domhain atá ag teacht".
    "Ó sé" arsa an bhean.
    "Má sé" arsa an fear "cuir fios ar an sagart go mear".
    Chuir an bhean fios ar an sagart agus tháinigh sé. Dheineadh an fear a bhaiste agus fuair sé bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.