Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Bean Bhocht”
  4. XML “An Spideog”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chlog. Chuaidh sí go dtí tig agus bhí na daoine a bhí ann ana-shaidhbhir agus thugadar cúig scillinge di. Chuaidh sí go dtí an tig seo gach oidhche chun airgid a fhághailt agus bhí na daoine craidhthe aici. Chuireadar madra ag an ngeata agus chuireadar páipéar air. Nuair a tháínig an bhean agus nuair a chonnaic sí an rud an an ngeata tháinig scannradh uirthe agus fuair sí bás.
    An mhaidean ina dhiaidh sin chonnaic gárda í ar t[h]aobh an bhóthair agus chaith muinntir an tighe 200 púnt a thabhairt mar gheall ar an rud a dhéineadar.
    Fuair mé an scéal seo ó mo m[h]áthair. 43 blian.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. D'airigh mé scéal an oidhche fé dheire mar gheall ar an spideóg.
    Nuair a bhí Ár dTighearna ar an gcrois tháinig spideóg agus bhí sé ag iarradh na tarngaí do tarraingt ón gcrois. Nuair a bhí sé ann thuit braon fola ar a brollach agus sin é an chúis gur thugadh spideóg leis an mbrollach dearg air.
    Deir na sean daoine nach ceart spideóg a mharbhughadh na cloch a chaitheamh leis mar gur peacadh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
          1. an Teaghlach Naofa (~429)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Ghríobhtha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge