Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht mar nuair a bhí an troid in Éirinn do chuir sé baraille óir i bhfolach agus nuair a chuaidh sé á lorg ní bhfuighead sé d'fhágailt agus bhí fhios aige an áit ina raibh sé i bhfolach aige.
An lá seo bhí sé thíos sa trá agus bhí seana-chapall aige chonaic sé an sceon sa chapall agus d'fhéach sé anáirde sa bhfoill agus chonaic sé píosa den fhoill ag tuitim agus thuit an barraile óir anuas.- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Deaglán Ó Gríobhtha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Seanchluain, Co. Phort Láirge
- 1. Barraile bán is dá saghas bia ann.
Ubh.
2. Bóithrín cumangh is a dhá thaobh dúnta.
Cóifin.
3. Teachtaire beag ó tigh is bíonn sé amuigh san oíche.
Casán.
4. Comh h-árd le faille, comh dearg le fuil, comh bán le bainne, comh milis le mil.
Úl.
5. Bó h-uarach h-árach, bó cárach liath bó cuireadh stails an capall agus a mhuithseár ina dhiaidh.
Tráiléir.
6. Chuaidh mé suas an bóithrín, chuaidh mé síos an bóithrín is thug me an bóithrín ar mo dhrom.
Dréimire.
7. Comh h-árd le caisleán is raghadh sé isteach fé béal cupán.
Liathróid snáith.
8. Toibrin fíor uisce ag fíor bhán na sléibhe fuinneóigín gloine is duirisín cré.
Súl