Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 303
- XML “An Scilling”
- XML “Naomh Déaglán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. An lá seo chuaidh sé go dtí an tobar agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile fuair sé scilling caillte ar an mbóthar agus thug sé don sagart paróiste é agus dúirt an sagart ón altóir go bhfuair an fear scilling caillte ag teacht ón tobar.
Dúirt bean amháin gur chaill sí féin scilling agus go raibh sé ag teastáil uithi chun siúcra a cheannach. Ach do bhí sí ag insint bréag agus do fuair an fear an scilling thar n-ais mar ní le h-aoinne a bhí san séipéal é.
Do chuaidh an fear abhaile agus leag sé an scilling ar an bhfuinneóg agus gach maidin eile do bhíodh púnt ar an bhfuinneóg roimhe. - Tá tobar amuigh sa sliabh agus tugtar "tobar an chuaird" ar. Sé an cúis go dtugtar an ainm sin ar ná tug Naomh Déuglán cuaird ar nuair a bhí sé ag dul go dtí Árd Mhór.Tá tobar eile in Árd Mór agus sé an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge