Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 254
- XML “Stoirm”
- XML “Díol Éisc”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)crith leis an bhfuacht. Fuaradh an ceathrar eile ach bhíodar báite. Deineadh iad a thorramh ag mo tighse. Tá ceann des na fearaibh a saoradh i nDúngarbhán fós.
- Nuair a bhíodh an-chuid éisc ag na h-iascairí sa Rinn fadó caithidís iad a dhíol i gCorcaigh. Bhíodh asal agus lán cáirte de iasc acu ag dul ann. D'fhágaidís Baile na nGall ar a dó a chlog ar maidin. Bíodh timpeall deich n-asal i ndiaidh a chéile agus iad lán suas agus bheidís thar nais i mBaile na nGall ar a dá buile déag an oíche ina dhiaidh sin agus na h-éisc díolta acu. Bhíodh fear i gcónaí ann chun tada ceannach.
- Bhí fear ag teacht abhaile ón mbaile mór oíche amháin. Nuair bhí sé ag teacht abhail shuigh bean isteach sa chairt leis. Nuair a bhí sé imithe píosa thosnaigh an capall ag tuitim.
Dúirt an fear leis an mbean gur shíl sé go raibh capall maith aige ach anois chím nach bhfuil aon mhaith ann. "Conas a bhfaighidh sé tarraint" arsa an bean "agus mise istigh sa chairt". Tháinigh eagla ar an bhfear nuair a chonaic sé gur sprid a bhí ann.
Bhí sé chun dul isteach i dtigh ach dúirt an bean go rabhadar a rá a bpaidreacha. Bhí cros ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ráth na mBiníneach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Máire Ní hIceadha
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge