School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sgéal, agus dubhairt sé go raibh lios in-aice an gCaisleán Mhóir, agus pé duine a phósach an chailín a bhí ann go bhfuighead sé cróca óir as an lios.
Thuit sé amach go raibh an fear a bhí ag éisteacht leis chun an chailín a phósadh. Bhíodar pósta ar feadh bliadhna agus aon oidhche d'airig sé ceóil ag teacht ana-ghairid do sa leabaidh agus bhí a fhios aige go maith go raibh sé ag teacht as an lios.
Oidhce eile d'airig sé an ceóil níos túisce ná mar a d'airig sé aon oidhche roimhe sin agus do bhí sé níos deise. Dubhairt sé le'n a bhean ba mhaith liom a bheith san áit a bhfuil an ceóil sin.
Tar-éis cúpla oidhche'na dhiaidh sin thuit sé tinn agus bhí sé thimcheall a buile a chlog agus do bhí a bhean ag dul a codhladh agus chonnaic sí sidheóga agus coiffín mór acu agus d' imthigheadar amac leis agus an fear istig ann acu agus ní fheacaidh a bhean iad ó shoin. Bíonn eagla ar gach aoinne ag dul thar a óir san oidhche, mar cítear sprideanna ann.
Fuair mé an sgéal seo ó Martan Ó Mathgamha. 54 blian. An Rinn.- Collector
- Máire Ní Curraoin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford
- Informant
- Martan Ó Mathgamhna
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Address
- Ringville, Co. Waterford