School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)b'hfághainn -se págh duit, Is mó cloch a caitheadh liom-sa ó shoin , Do dhein sé girrfhiadh dhe an uair seo, agus dubhairt sé leis fanamhaint ann bliain eile, agus a phágh a bheith aige nuiar a thiocfadh sé arís. D'imithigh sé agus bliain ó'n lá tháing sé arís,"Bhfuil mo págh agat, adubhairt sé . Níl , arsan garsún, is mó madra a rith im dhiaidh ó shoin, agus is minic a chuadhas i mbaoghal mo bháis. Do dhein sé préachán de an t-am seo ,agus dubhairt sé leis fanamhaint mar sin bliain eile. D'fhan sé annsan ,agus aon oidhche amháin tháinig stoirm mhór , i dtreo go raibh sé i mbaoghal báis arís. D'eitil sé go dtí an tigh ba chómhgaraighe dhó . Do chuaidh sé anáirde sa tsimné agus bhí sé ag éisteacht le muinntir an tíghe ag cainnt le na chéile, tímcheall na teine. Dubhairt duine acu. "Tá garsún le Seáinín seo thiar imthighthe le trí bliana anois agus dá mbáil le na athair a radh leis an bhfear a iarr a phágh air, beannacht Dé le t-anam agus le h-anama na Marbh, Nuair a tháinig an maidin d'imthig an préachan go dtí an abhainn. Tháinig an fear chuige agus d'iarr sé a phágh air Dubhairt an(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry