Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)b'hfághainn -se págh duit, Is mó cloch a caitheadh liom-sa ó shoin , Do dhein sé girrfhiadh dhe an uair seo, agus dubhairt sé leis fanamhaint ann bliain eile, agus a phágh a bheith aige nuiar a thiocfadh sé arís. D'imithigh sé agus bliain ó'n lá tháing sé arís,"Bhfuil mo págh agat, adubhairt sé . Níl , arsan garsún, is mó madra a rith im dhiaidh ó shoin, agus is minic a chuadhas i mbaoghal mo bháis. Do dhein sé préachán de an t-am seo ,agus dubhairt sé leis fanamhaint mar sin bliain eile. D'fhan sé annsan ,agus aon oidhche amháin tháinig stoirm mhór , i dtreo go raibh sé i mbaoghal báis arís. D'eitil sé go dtí an tigh ba chómhgaraighe dhó . Do chuaidh sé anáirde sa tsimné agus bhí sé ag éisteacht le muinntir an tíghe ag cainnt le na chéile, tímcheall na teine. Dubhairt duine acu. "Tá garsún le Seáinín seo thiar imthighthe le trí bliana anois agus dá mbáil le na athair a radh leis an bhfear a iarr a phágh air, beannacht Dé le t-anam agus le h-anama na Marbh, Nuair a tháinig an maidin d'imthig an préachan go dtí an abhainn. Tháinig an fear chuige agus d'iarr sé a phágh air Dubhairt an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí