School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i gan -fhios dóibh, agus bhí sé i n-am codlata go maith nuair a stadadar. Sar ar chuadar a chodla d'iarr an stróinséar ar fhear an tíghe a pháigh a thahairt dó i dtaobh na sgéalta. Dubhair fear an tíghe leis ná tabharfadh sé féin aon phágh dhó, mar ná raibh sé tuillte aige, agus gur cheart dó bheith buidheach go leór mar gheall ar an lóisdín d'fhághail. Chuadar a chodla. Nuair eirigheadar ar maidin d'iarr sé págh arís. Dubhairt fear an tíghe arís ná tabharfadh. D'iarr an fear seo ar fhear an tíghe an garsún do leigint leis go dtí bruach na h-abhann, agus do chuaidh. Nuair a bhíodar ar bhruach na h-abhann d'iarr an fear ar an ngarsún a phágh a thabhairt dó. Dubhairt an garsún ná raibh aon págh aige féin le tabhairt dó. Dubhairt an fear leis dul isteach san abhainn , agus do chuaidh. Nuair a fuair sé ann é dhein sé bradán de, agus dubhairt sé leis fanamhaint ann go dtí bliain ó'n lá san, agus a phágh a bheith aige nuair a thiocfadh sé arís. D'imthig sé , agus bliadhain ó'n lá san , do tháinig sé arís," Bhfuil mo phágh agat" , adubhairt sé . Níl arsan garsún, cá(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Drisceóil
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry