School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)muinntir an tíghe an capall a teacht go dtí an doras. Doscailrúgheadar an doras agus chonnacadar Dómhnall Ó Séaghdha dar leó féinig amuigh ag marcuígheacht ar an gcapall. Nuair a bfada leó go raibh sé teacht anuas de'n chapall chuaidh duine acu amach is bhain sé crothadh as mar cheapadar gurab amhlaidh a thuit a chodladh air. Chómh luath is bhaineadar crothadh as thuit sé anuas chúcha na thrist marbh ar an dtalamh. Bhuaileadar a mbasa agus thógadar isteach sa tig é. Ní raibh aon ghnó sgéil air bhí sé marbh. Chuarduígheadar a phócaí . Má seadh bhí airgead na phóca agus an sparán a bhí ag fágaint an tíghe aige. Tímcheall ar an aigread. Bhíodar lán tsiúrálta gur ab ,é Dómhnall Ó Séaghdha a bhí ann. Bhí tórramh acu air agus chaoíneadar go maith é agus chuireadar é Dé Sathairn. Istoidhche Dé Sathairn thóg fear Chíll Airne Dómhnall Ó Seaghdha leis agus an aibíd air agus níor stad sé nó gur tháinig sé ar an Lóthar leis. Scaoíl sé uaidh aige na thig féinig é ar an Lóthar. Bhuail an fear bocht an doras agus chómh luath is a oscaladh an doras do chonnacadar Dómhnall chúcha isteach is an aibíd air. Ní raibh aon coinne acu ná gurabh amhlaidh a aiséirig sé. Bhailígheadar leó as an dtig uaidh. Bhí iongadh an domhain air cad na taobh go rabhdar(continues on next page)
- Collector
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry