Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)muinntir an tíghe an capall a teacht go dtí an doras. Doscailrúgheadar an doras agus chonnacadar Dómhnall Ó Séaghdha dar leó féinig amuigh ag marcuígheacht ar an gcapall. Nuair a bfada leó go raibh sé teacht anuas de'n chapall chuaidh duine acu amach is bhain sé crothadh as mar cheapadar gurab amhlaidh a thuit a chodladh air. Chómh luath is bhaineadar crothadh as thuit sé anuas chúcha na thrist marbh ar an dtalamh. Bhuaileadar a mbasa agus thógadar isteach sa tig é. Ní raibh aon ghnó sgéil air bhí sé marbh. Chuarduígheadar a phócaí . Má seadh bhí airgead na phóca agus an sparán a bhí ag fágaint an tíghe aige. Tímcheall ar an aigread. Bhíodar lán tsiúrálta gur ab ,é Dómhnall Ó Séaghdha a bhí ann. Bhí tórramh acu air agus chaoíneadar go maith é agus chuireadar é Dé Sathairn. Istoidhche Dé Sathairn thóg fear Chíll Airne Dómhnall Ó Seaghdha leis agus an aibíd air agus níor stad sé nó gur tháinig sé ar an Lóthar leis. Scaoíl sé uaidh aige na thig féinig é ar an Lóthar. Bhuail an fear bocht an doras agus chómh luath is a oscaladh an doras do chonnacadar Dómhnall chúcha isteach is an aibíd air. Ní raibh aon coinne acu ná gurabh amhlaidh a aiséirig sé. Bhailígheadar leó as an dtig uaidh. Bhí iongadh an domhain air cad na taobh go rabhdar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí