School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go dtí go gcainnteóchadh duine éigin mé,a gus nuair a thagainn annso i gcómhnaidhe aoinne a bhíodh rómhaim do thuiteadh an t'anam as. Sé údhacht é ná an tigh seo agus an fheirm a thabhairt duitse agus leath a bhfuil d'airgead sa bhosca agus m'inghean a thabhairt duit le pósadh." D'fhág sé slán agus beannacht ag an mbuachaill agus d'imthigh sé as radharc. Tháinig buachaill an tíghe ar maidin agus d'fhiafhruig sé dhe ar mhair sé. D'innis an buachaill aimsire dho tríd síós mar gheall ar an uadhacht agus gach nídh. "Táim sásta leis," arsan buachaill. Tháinig a dhrifiúr annsan agus d'fhiafruighdear di an raibh sí sásta é phósadh. Dubhairt sí go raibh. Do thógadar an fear marbh, do chuireadar tórramh air, agus do chuireadh sa roilig coisrichthe é. Do sharabháladar an cóisteóír taréis an athar do chur. Do dhearbhuig an buachaill aimsire air, do daoradh é, agus do crochadh é. Do phós an buachaill aimsire an cailín i gcionn roinnt laetheannta, agus do mhaireadar go saidhbhir sásta an chuid eile dá shaoghal.
- Collector
- Eibhlín Nic Gearailt
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Mac Giolla Padraig
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Dungeagan, Co. Kerry