Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “An Buachaill Aimsire agus na Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go dtí go gcainnteóchadh duine éigin mé,a gus nuair a thagainn annso i gcómhnaidhe aoinne a bhíodh rómhaim do thuiteadh an t'anam as. Sé údhacht é ná an tigh seo agus an fheirm a thabhairt duitse agus leath a bhfuil d'airgead sa bhosca agus m'inghean a thabhairt duit le pósadh." D'fhág sé slán agus beannacht ag an mbuachaill agus d'imthigh sé as radharc. Tháinig buachaill an tíghe ar maidin agus d'fhiafhruig sé dhe ar mhair sé. D'innis an buachaill aimsire dho tríd síós mar gheall ar an uadhacht agus gach nídh. "Táim sásta leis," arsan buachaill. Tháinig a dhrifiúr annsan agus d'fhiafruighdear di an raibh sí sásta é phósadh. Dubhairt sí go raibh. Do thógadar an fear marbh, do chuireadar tórramh air, agus do chuireadh sa roilig coisrichthe é. Do sharabháladar an cóisteóír taréis an athar do chur. Do dhearbhuig an buachaill aimsire air, do daoradh é, agus do crochadh é. Do phós an buachaill aimsire an cailín i gcionn roinnt laetheannta, agus do mhaireadar go saidhbhir sásta an chuid eile dá shaoghal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Giolla Padraig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Dún Géagáin, Co. Chiarraí