School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhaint as triopall luachra, agus d'éirigh gal bán as an dtriopall. Do thug sé leis abhaile na ba um thráthnóna , chun iad do chrúdha,agus dubhairt an sean -duine le Cearbhall dul amach agus an céad muga bainne a chrúdhfadh sé ó'n mbuin sa do thabhairt chuige isteach. Do chuaidh Cearbhall amach , do do chrúid sé an muga bainne ó'n mbuin, Nuair a bhí sé ag teacht amach as an gcró, do rith gabhar tríd an eatarainn , agus do labhair sé le Cearbhall, is dubhairt , má 's maith d'aoinne é a Chearbhaill , is maith duit fein ,é. Nuair a chualaidh Cearbhall an méid sin d'ól se an muga bainne, agus do chrúdhaid sé an tarna muga, agus do chuaidh sé isteach chun an tseanduine é. Nuair do bhlais an sean-duine é b'aithin sé cad do bhí déanta, agus dubhairt sé le Cearbhall. Tá a fhios agat, agus ní bheidh an t-iomchar ort. Do bhí an ceart aige, d'imigh Cearbhall air chun siúbhail, agus ní raibh sé ábalta ar é féin d'iomchar ró mhaith ,agus as san amach, do bhí buadh na filídheachta aige. Lá amháin do bhuail sé isteach chun beirt bhan, agus do bhíodar ag sníomh, agus leite déanta acu le na línn. D'fhiafhruigheadar de cá raibh a thriall indiu,agus dubhairt sé leó go raibh sé ag dul ab iarraidh Inghean an Iarla Bháin. Ach dubhradar leis go mbeadh sé chómh maith aige claídhe do chur Le Baoi Bhéara, ná dul fé na déin sin. Ach go h-áirithe , d'imthig sé leis chun siúbhail , agus do fuair sé Inghean an Iarla Bháin, agus casadh(continues on next page)
- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Bríghid Ní Leathlobhair
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry