Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Cearbhall Ó Dálaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhaint as triopall luachra, agus d'éirigh gal bán as an dtriopall. Do thug sé leis abhaile na ba um thráthnóna , chun iad do chrúdha,agus dubhairt an sean -duine le Cearbhall dul amach agus an céad muga bainne a chrúdhfadh sé ó'n mbuin sa do thabhairt chuige isteach. Do chuaidh Cearbhall amach , do do chrúid sé an muga bainne ó'n mbuin, Nuair a bhí sé ag teacht amach as an gcró, do rith gabhar tríd an eatarainn , agus do labhair sé le Cearbhall, is dubhairt , má 's maith d'aoinne é a Chearbhaill , is maith duit fein ,é. Nuair a chualaidh Cearbhall an méid sin d'ól se an muga bainne, agus do chrúdhaid sé an tarna muga, agus do chuaidh sé isteach chun an tseanduine é. Nuair do bhlais an sean-duine é b'aithin sé cad do bhí déanta, agus dubhairt sé le Cearbhall. Tá a fhios agat, agus ní bheidh an t-iomchar ort. Do bhí an ceart aige, d'imigh Cearbhall air chun siúbhail, agus ní raibh sé ábalta ar é féin d'iomchar ró mhaith ,agus as san amach, do bhí buadh na filídheachta aige. Lá amháin do bhuail sé isteach chun beirt bhan, agus do bhíodar ag sníomh, agus leite déanta acu le na línn. D'fhiafhruigheadar de cá raibh a thriall indiu,agus dubhairt sé leó go raibh sé ag dul ab iarraidh Inghean an Iarla Bháin. Ach dubhradar leis go mbeadh sé chómh maith aige claídhe do chur Le Baoi Bhéara, ná dul fé na déin sin. Ach go h-áirithe , d'imthig sé leis chun siúbhail , agus do fuair sé Inghean an Iarla Bháin, agus casadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí