School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 005
- XML “Abha Cóille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus do chonnaic sé paiste ar imeall an bhaile mhóir sin, ná raibh aon áitreabh air. Do cheannuig sé é ó'n bhfear gur leis é, agus do thóg sé ceárdta agus tig muinntire ann. Do luig sé chun oibre gan mhoill, agus ní fada go raibh trácht an bhaile mhóir aige. Do ráinig go raibh slataire de chailín óg ar an mbaile, agus bhí ana éileamh aice ar fhear eile ná raibh aige ach a phág lae. Bhí a h-athair is a mathair gan meabhair ad' iarraidh go bpósfadh sí an Ghabha, ach dubhairt sí sin na déanfadh. Fé dheire do fuair an t-athair 'sa mhathair an lámh uachtar uirthe, agus béigean di toiliú le é do phósadh. Dob é an nós
an uair sin ag na mná, ná áprún síoda do bheith siar ortha lá a bpósadh. Do pósadh iad, agus do thángadar abhaile taréis pósta dhóibh. D'imthig sé lá ar na mháireach, agus do chuaidh ag obair sa cheárdchain. Nuair a thainig sé abhaile chun dinnéir, is amhlaidh a bhí mo chleithiúnach istigh 'na teannta. Dob é an scéal céadhna é tráthnóna, nuair a tháinig sé abhaile, an bheirt sa chúinne go geal-gáireach. Fé dheire do chuaidh sé chun mearathaill do, é bheirt chomh gnóthach timcheall an tíghe. Chuaigh sé sa cheárdchain an mhaidean so, agus do bhí an oiread san mearathaill air, ná raibha ar a chumas buille casúir do bhualadh. Buail sé an glas ar an ndorus, agus do thug aghaid ar an mbaile airís. Bhí gach aon scread nimhe aige ag teacht go dtí an tigh. Tháinig a bhean go béal an doruis nuair a chualaid sí an screadach lasmuigh. Cad tá ort ar sise? Teinneas a bhuail sa cheárdchainne ar seisean. Ba dhóich liom na raibh faic ort ar maidin ar sise. Ní beag dom a luaithe ar seisean. Do shuigh sé i gcathaoir, ach ba rómh ghearr gur chaith sé é féin de'n gcathaoir, agus do(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Ciarbhaic
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry