Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Abha Cóille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus do chonnaic sé paiste ar imeall an bhaile mhóir sin, ná raibh aon áitreabh air. Do cheannuig sé é ó'n bhfear gur leis é, agus do thóg sé ceárdta agus tig muinntire ann. Do luig sé chun oibre gan mhoill, agus ní fada go raibh trácht an bhaile mhóir aige. Do ráinig go raibh slataire de chailín óg ar an mbaile, agus bhí ana éileamh aice ar fhear eile ná raibh aige ach a phág lae. Bhí a h-athair is a mathair gan meabhair ad' iarraidh go bpósfadh sí an Ghabha, ach dubhairt sí sin na déanfadh. Fé dheire do fuair an t-athair 'sa mhathair an lámh uachtar uirthe, agus béigean di toiliú le é do phósadh. Dob é an nós
    an uair sin ag na mná, ná áprún síoda do bheith siar ortha lá a bpósadh. Do pósadh iad, agus do thángadar abhaile taréis pósta dhóibh. D'imthig sé lá ar na mháireach, agus do chuaidh ag obair sa cheárdchain. Nuair a thainig sé abhaile chun dinnéir, is amhlaidh a bhí mo chleithiúnach istigh 'na teannta. Dob é an scéal céadhna é tráthnóna, nuair a tháinig sé abhaile, an bheirt sa chúinne go geal-gáireach. Fé dheire do chuaidh sé chun mearathaill do, é bheirt chomh gnóthach timcheall an tíghe. Chuaigh sé sa cheárdchain an mhaidean so, agus do bhí an oiread san mearathaill air, ná raibha ar a chumas buille casúir do bhualadh. Buail sé an glas ar an ndorus, agus do thug aghaid ar an mbaile airís. Bhí gach aon scread nimhe aige ag teacht go dtí an tigh. Tháinig a bhean go béal an doruis nuair a chualaid sí an screadach lasmuigh. Cad tá ort ar sise? Teinneas a bhuail sa cheárdchainne ar seisean. Ba dhóich liom na raibh faic ort ar maidin ar sise. Ní beag dom a luaithe ar seisean. Do shuigh sé i gcathaoir, ach ba rómh ghearr gur chaith sé é féin de'n gcathaoir, agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT1350: The Loving Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Ciarbhaic
    Inscne
    Fireann
    Aois
    90
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí