School: Gleann Beithe

Location:
Glenbeigh, Co. Kerry
Teacher:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 353

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0473, Page 353

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Beithe
  2. XML Page 353
  3. XML “Lucht Siúil na Tuaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bíonn siad ann as gach áird idir chian agus cómhgar, agus is iad a bhíonn go buartha agus go bladhmanach, go droch mhúinte agus go droch bhéasach.
    Iad féin agus a mná agus a gclann ag áiteamh ar a chéile gur dóich leat go maireóobhaidís a céile, agus 'na thaobh san ná marbhuighidís. Bíonn siad ag ceannach is ag díol asail i bPáirc an Aonaig. Caitheann siad adhbhar éigin airgid d'fagháilt nuair a bhíonn siad ag bobhtáil.
    Bíonn na Síoradánaigh ann ó Ceann Tuirc i gCorcaigh ag díol capall agus ag troid na dtaobh. Bíonn cuid des na tíncéirí ag siubhal. Seo cuid dos na lucht siubhal a theigheadh ag bailiú fadó - Muinntir Ó Cobhthaigh, Muinntir Ó Réagáin agus Seáinín Teinaoileach. Ó Súilleabháin a ainm ceart. Teinaoileach a bhí mar leas-ainm air. Bhí sé 'na comhnuidhe i gCurraicín. Bailigheadh sé prátaí, uibhe agus ím. Cuireadh sé na prátaí. Bhí páirc nó dhó aige agus tig.
    Gaedhilg a labhradh sé i gcomhnuidhe. Tagadh na Brianaig ó Luimnech.
    Tagadh Muinntir Ó Cobhthaig ó'n dTuaith i n-aice le Lios a' Phúca. Tá clann de'n muinntir so na comhnaidhe ann fós.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Ríoghbhardáin
    Gender
    Female
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry
    Informant
    Máire Bean Uí Riordáin
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Kilnabrack Lower, Co. Kerry