Bhíodh na tighthe fadó déanta 'sna gleannta. Ní bhíodh orra ach aon doras amháin. Bhíodh an teine faduighthe le biunn a' Tighe agus poll i mullach a' tighe leis an deatach a leigeann amach in-áit simléar. Is rí-chorr teach a mbíodh fuinneóg air. Ní gloine a bhíodh ionnta ach clár nó shraith. Bhíodh ampaí déanta de thighe aca le cur 'sna dóirsibh. An t-urllár a bhíodh ionnta bhí sé déanta de mhurtéal, sé sin gaineamh agus aol. Séard a bhíodh mhar solas, piosa de pota agus ola éisc fíogach nó faoitín agus splannc i gcorr na h-ola. Bhíodh solas beag as, Is minic nuair na mbíodh aon ola aca, gur slisóg gúisaighe a bhíodh sa teine aca. Móin a bhíodh mar adhbhar teineadh aca. Sgraith agus tuighe an cheann a bhíodh ar na tighthe.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »