Sé lá na n-Amadán an chéád lá d'Aibreán. Bíonn na daoine ag déanamh amadán dá chéile an lá sin. Deireann síad le chéile, "Féach an fear atá ag dul anoir an bóthar". Má bhreathnuigheann aon duine soir tugtar, "Amadán Aibreáin" air. Bíonn na gasúir ag leanacht na sean-daoine ingach uile áit ag iarraidh amadán a dhéanamh díobh.
Bhiodh na daoine ag dul thart fadó agus éadaigh aisteacha orra, lá na nAmadán. Bhídís ag ceól 's ag damhsadh ingach teach dá dteagaidís isteach ann. Bhiodh rópa aca agus í déanta de bhroibh. Chuiridís an rópa timcheall ar chloigeann duine ag rádh go raibh athartha an tinneas cinn ann. Chuiridís an rópa timcheall ar chloigeann chuile dhuine sa teach.