School: An Druim (roll number 13528)

Location:
An Droim, Co. Galway
Teacher:
Micheál Ó Concheanainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 010

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 010

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Druim
  2. XML Page 010
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag an righ í. Dubhairt an righ leis arís go mbainfidhe an ceann de mara mbeadh sé indon céad caora a ghoid ó bheirt fhear. Chuaidh sé ag an siopa aríst agus cheannuigh sé péire bróg. Leag sé ceann aca ag casán na gcaorach, agus leag sé an ceann eile i bhfad uatha sin. Chuir sé puiteach sa dara ceann. Chuaidh na caoirigh an casán agus an bheirt fhear ina ndiaidh. Chonnaic an bheirt aca an bhróig agus níor bhac siad léithi. Tháinig siad treasna ar an dara ceann. “Chonnaic muid a leath-cheann sin in-áit eicínteacht,” adeir duine aca. “Chonnaic, cébí cén áit é,” adeir an dara fear. Chuaidh an bheirt aca ar thóir na leath-bhróige. Thug síad leo í ach bhí na caoirigh scuabfidhe nuair a tháinig siad ar ais. Thug an fear na caoirigh ag an rígh. “Tá rud amháin le goid fós agat,” adeir an rígh, “agus séard é, braithlín a ghoid ó righ & ó bhainrioghan eile agus iad ina luighe uirthi.”
    D’imthigh an fear agus a mhéar ina bhéal aige ag cuimniughadh ar chleas. Chuaidh sé go dtí an roilig agus thóg sé fear. Chuir sé an corp ina seasaimh ar aghaidh fuinneóig an rígh. D’éirigh an rígh agus rug sé ar a ghunna agus chaith sé an corp. Chuaidh sé go dtí an roilig agus chuir sé é sul dá bhfeicfeadh aonduine é. Nuair a bhí an rígh imthighthe tháinig an fear isteach. Chuaidh sé isteach sa leaba agus thosuigh sé ag rádh leis an mbainrioghan teanadh suas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Chualáin
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway
    Informant
    Brighid Ní Chualáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway