School: An Druim (roll number 13528)
- Location:
- An Droim, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ó Concheanainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Druim
- XML Page 009
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chonnaic sé lorg cosa na gcapall a bhí ag lucht an chiseáin. Lean sé lorg na gcosa. Chonnaic sé solus scathaimh uaidh. Céard a bheadh ann ach lucht an airgid. Bhí crann in-aice leo agus tháinig an fear a raibh an craiceann bó air go dtí an crann. Thosuigh sé ag trumpáil an chrainn. Scannruigh lucht an airgid agus rith siad. Leis an scannradh a baineadh asta d’fhágadar an t-airgead ina ndiaidh.
Thug an fear leis an t-airgead go dtí a mháthair. Chuaidh sé go dtí an righ annsin agus d’innis sé dó an chéird a bhí aige. Dubhairt an righ leis go mbainfidhe an cloigeann dé mara mbeadh sé indon céachta a ghoid uaidh ceathrar fear. D’imthigh leis an bhfear bocht. Chuimhnigh sé a chleas. Chuaidh sé ag an siopa agus cheannuigh sé dhá choinín. Chuaidh sé go dtí páirc a raibh ceathrar fear ag obair le céachta. Bhris an fear cois ceann de na coiníní. Scaoil sé saor le taobh na bhfear é. “Ó, féach soir an coinín!” adeir beirt de na fir in-aon feacht. “Tugaidh air dá ngnótha”, adeir an tríomhadh fear. Scaoil an fear saor an dara coinín agus a dhá chois briste. “Féach soir an ceann eile!” adeir an bheirt céadna. Rith an bheirt indiaidh an choinín agus céard a dhéanfadh an bheirt eile ach iad a leanacht. Nuair a bhí siad imthighthe thug an fear leis an céachta agus thug sé(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway
- Informant
- Brighid Ní Chualáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway