Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- Ardeevin, Co. Galway
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 112
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá go leór laetheannta ins an mbliadhain agus ní thosnuigheann daoine aon obair, nó ní atharruigheann siad isteach i dteach nua na laetheannta sin, mar síleann siad nach mbeadh aon ádh ortha agus go mbeadh na sideóga in a ndiaidh. Coimeádann daoine mo cómharsanacht féin na pisreóga sin.Nuair a bhíonn siad ag atharrú isteach i dteach nua ní theigheann siad isteach ann aon lá acht Dia h-Aoine. Ní thosnuigheann said ar cabáiste do chur Dia Céadaoin. Deireann na sean-daoine má itheann duine a dhóthain ar an gcéad lá de'n bhliadhain go mbeidh a dhóthain le n-ithe aige ar feadh na bliadhna sin.Fadó ní thosnóchadh na feilméaraí ag treabghadh go dtí an lá i ndiaidh Lá 'le Phadraig, agus ní thosnóchadh na mná ar na fataí do ghearradh i sgiolláin go dtí an tríomhadh lá déag de mhí Aibreáin.Chuala mé sean-fhear ag rádh dá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loughpark, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Sighle Ní Choibheannaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loughpark, Co. Galway