School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 193

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 193
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn lucht siubhal go minic sán áit seo anois agus do bhiodh i gcomhnuidhe. Bíonn tincéaraí ceannuidhthe, lucht mála, lucht iarrachta deirce, piobairí, agus daoine eile ag dul ó theach go teach. Bíonn cábáin aca ar taobh an bóthair nó tios ins an sléibh. Bíonn na fir ag bailíughadh giobail, sean-iarrain, buidéil, olann briste, agus fionnadh capaill. D'íolann siad cannaí saspannaí agus rudui eile deanta as stán. Deasuigheann siad potaí, ciotail, bácuis, cannaí agus buicéid.
    Bionn mná na dtincéár ag iarraidh déirce. Feoil, tae, siucra, agus bainne is fearr leo, ní bionn meas ar bith aca ar plúr nó fatai. Níl Gaedhilge ar bith ag na tincéaraibh. Má theigheann siad go Baile-Átha-an-Riog no go Tuaim, bionn siad, fir agus mná, ar meisge nuair a thaganns siad abhaile chun a gcábáin. Is aca annsin a bhionns an rinnce agus casadh amhrán, an béiceadh agus ana troid, acht ní bhacann siad le duine ar bith, agus ní bhacann aon duine leo.
    Bionn ceannuidhthe thart san áit beagnach chuile lá. As Tuaim a thagann an cuid is mó diobh, acht fanann cuid diobh amuigh fán dtuaith san oidhche. Bionn cairt no truachall ag cuid aca acht ní bhionn acht ciseán ag daoinibh eile. Diolann siad go leor, pictiúirí beaga, paidríní, iomhaigh beaga, sgatháin, sguibíní beaga, buinn, speacléarai, lásai bróg, réasúir, cupáin agus fo-chupáin, biorrai
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Laimhthe
    Gender
    Male
    Address
    Crumlin, Co. Galway