School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 201

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 201

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 201
  3. XML “Féilí na Bliana - Lá Fhéile Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Féilí na Bliadhna - Lá 'le Brighde

    Micheál de búrca, as Cruimghlinn, aois 12, a sgríobh.
    Fad coiscéime an choiligh a bhíonns sa ló, lá 'le Brighde, mar bíonns an lá a' dul chun síneadh. Bíonn go leor cleachtaidh ag na daoine an oidhche roimh lá 'le Brighde. Déanann fear an tighe croisín- 'Crois Brighde' a thugtar air. As adhmad agus tuighe a ndéantar é. Cuirtear dhá phíosa beag de adhmaid treasna ar a chéile agus tiomáintear táirnge ionnta. Sníomhtar tuighe ar an gcrois beag annsin. Crochtar an crois ar na reachtaibh i mbothán na mbó annsin chun na beithidhigh a choingbheál slán ar feadh na bliadhna.
    Téigheann dreamaí buachaillí thart ó thigh go tigh le 'Brídeoga' an oidhche sin freisin. Íomhaigh beag Naoimh Brighde 'seadh Brídeog. Is as tuighe agus gioblaí a ndéantar é go minic, agus bíonns ceann ag gach dream a théigheann thart. Cuireann na buachaillí sean éadaigh agus púicíní orra agus ní bhíonns fhios ag na daoine cé hiad a bhíonns ann. Bíonns gleas ceoil éicint ag gach dream agus damhasann siad dreas i ngach tigh. Caitheann siad creasa tuighe freisin. Crios Brighde a tugtar ar ceann aca. Tugann na daoine beagán airgid (sé pighne nó trí pighne i ngach tigh), do gach dream, Sa tsean aimsear tugtaoi uibheacha dhóibh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    Crumlin, Co. Galway