School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 167
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (B)
- XML Page 167
- XML “Scéalta - Scéal Siógach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-fhear arb ainm do Madhc Ó Feínneadha in a comhnuidhe i gCnoc Láithrigh uair ámhain. Bhí sé amuigh go deireannach oidhche ag imirt cartaí siar i Magh Rath. Ag tigheacht abhaile dó, casadh na sídheogai air agus thug siad leobhta é, agus bhí sé amuigh go maidin. I dtosach chonnaic sé solus agus d'imthigh sé go dtí é, agus isteach leis i dteach. Bhí cailleach agus sean-duine in a suidhe cois na teineadh. "Cead failte romhat a Mhaidhc Ó Feínneadha," adeir siad leis. "Is olc an teine atá againn," arsan sean-dhune, "níl aon mhóin istigh. Cé rachas in a coinne," Cé rachas acht Madhc Ó Feínneadha" arsan cailleach. Fúair Madhc sciobóg agus amach leis i gcoinne na móna, acht ag féachaint thart do ní raibh an teach na an sean-dhuine na an cailleach le feiceál aige.Chaith sé uaidh an sgiobóg móna agus d'imthigh leis. Ba gearr go bhfaca sé solus eile. Tharraing sé air. Isteach leis i dteach. Bhí tóradh sa teach. Cuiread fáilte roimh Madhc Ó Feínneadha. Dubhairt duine le duine eile, go raibh sé in am dul i gcoinne cónra. "Cé rachas acht Madhc Ó Feínneadha", arsa duine eile. D'imthigh Madhc agus capall bán aige, agus thug sé an cónra abhaile chuca. "Cé cuirfeas ins an cónra é,' arsa duine, "Cé cuirfeas(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Spéaláin
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- Farravaun, Co. Galway
- Informant
- Micheál Ó Spealáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Farravaun, Co. Galway