School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (B)
- XML Page 175
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (1)A Mhaighdean mhórdha mhór-mhaiseach,
Is tú mo stór, mo lón agus mo thaisce,
Is tú mo réalt eolais, agus lón sa bhealach,
Súl a bhfuil ár mbáis, go tú i gairid. Amén.
(2)A Chroidhe Naomhtha mo Shlánuightheora
Agruighim thú, grás do tabhairt duinn,
Lé grádh dhuit, 'chuile lá nios mó. Amén.
(3)A Íosa Criosta, a fuair bás Dia h-Aoine
Is a d'eirigh airíst i do Rígh gan locht,
Is tú a thug sligh duinn, leis an earraigh a dheanamh,
Is maith a smaointigheanns muid,
Má cuimhnigheanns muid ort. Amén
(4)A Naoimh Iosep mo chara, bí romham ar an mbealach
go dtreoir mo cathair go dteighimíd,
Míle buidheachas go bráth le Righ geal na Grásta,
A thug duinn an spás ar an saoghal seo,
lé na trí ainmneacha breaghtha,
bheith againn ar uair ár mbáis,
Mar tá Iosa, Muire agus Naomh Iosep.
(5)Ceithre pósta ar mo leabaidh, ceithre ainglí orra leagtha,Má fhághaim bás anois go maidin, I bhflaitheas Dé go raibh mo anam. Amén.
(Maitías Ó'Griobhtha, aois 10, as Ceathramhadh na Riabhach a chuala na paidreacha seo ó'n a sean-mhathair, Eibhlín Ní Griobhtha, aois, 75, as Ceathramhadh na Riabhach)- Collector
- Maitiás Griobhtha
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Address
- Carrowreagh East, Co. Galway
- Informant
- Eibhlín Ní Griobhtha
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Carrowreagh East, Co. Galway