School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 188
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé Ceathramhadh Riabhach an t-ainm atá ar mo bhaile. Tugadh an t-ainm sin air mar tá dath riabhac ar an talamh. Tá ceithre tighthe deag san baile. Tá seacht dtighthe a bfhuil tuighe ortha. Tá seacht gcinn eile a bhfuil slinn ortha. Timcealls fiche bliadhan ó shoin bé tuighe a bhí ortha uilig.
Tá beirt sean-dhuine ós cionn 70 mbliadhna d'aois in a gcomnuidhe ann. Tá Gaedhilg aca agus tá siad in ann sgéalta a innseacht i nGaedhilg. Sea iad a n-ainmneacha Peadar mag Fhloinn agus Seamús Ó Lochlainn. Tá talamh maith ann anois. Fadó ní raibh ann acht raithneach agus driseacha.
Ta páirc san bhaile seo ar a dtugtar "Páirc an Phobail". Lé h-ais na páirce seo ta baile air a dtugtar "Cathair Liosa Cille". Bi baile annsin fadó agus ta go leor de na fothracha le feiceál fós. Tá fothrach seipéil in a measg. Nuair a leagadh an seipéal bhiodh na daoine ag eisdeacht le Aifrionn i "bPairc an Phobail", agus sin é an chaoi a cuireadh an t-ainm uirthi.
Tá sean mhuilean gaoithe san bhaile seo freisin.- Collector
- Pádraic Ó Mainnín
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Carrowreagh East, Co. Galway