School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 202
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Shamhna
Pádraic Ó Láimhthe as Cruimhlinn, do scríobh Leathanach 202
Bíonn go leor cluichí agus cleactaidh ar siubhal ag na daoinibh Oidhche Samhna. Bíonn na buachaillí ag caitheamh cabáiste ar na bóithribh oidhche Samhna. San oidhche teigheann siad isteach i ngáirdíní cabáiste agus bíonn siad ag caitheamh cabáiste le “faitchios” a chur ar daoine. Deirtear go mbíonn an púcaí amhuigh an oidhche sin. Bíonn faitchios ar duine dul amach gan duine a bheith in aoindigh leis. Ins na tigthibh bíonn na daoine óga ag túmadh le úbhla agus le airgead. Crochann siad ubhall freisin on na ractaib agus cuireann siad ar luasgadh é. Cuirtear stoilín faoi annsin. Teigheann gasúr thart timcheall an stoilín fiche uair agus buaileann sé an stoilín gach uair a teigheann sé thart. Annsin tugann sé iarracht ubhal a bhualadh agus má bhuaileann sé é bíonn sé aige. Bíonn ann-shuipear ag na daoine an oidhche sin. Déanann siad pota mór ceallaidhe agus itheann siad é le im agus bainne. Cuireann bean an tighe an ceallaidhe air plataí. Annsin deanann na daoine tobairín beag i lár an ceallaidhe. Lionann siad an tobairín le im annsin. Leagan an t-im leis an teas. Annsin tosuigheann siad(Leathanach 203) ag ithe chomh mhaith is a bheith siad inann. Deanann bean an tighe caca milis agus cuireann sí fáinne innti. An duine geibhfeann an fáinne, phósfaidh sí. Oíche Shamhna freisean bíonn go leor sean nósa ag na daoinibh. Cuireann siad púicín ar duine eicint gheobhann siad fó-cupán lán de créafóig agus fó cupán de uisge glan, fó cupán de uisge salach, fó cupan eile agus paidrín inntí. An duine a leagann a láimh ar an paidrín beadh sé in a mhánach. An duine a cuirfheadh a láimh ar an uisge salach do phósadh sé baintreabhach. An duine a cuirfeadh a láimh san uisge glan phósfadh sé cailín maith. An duine a leagadh a láimh ar an gcréafoig gheobhadh sé bás(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Láimhthe
- Gender
- Male
- Address
- Crumlin, Co. Galway