School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (B)
- XML Page 169
- XML “Eachtra an Mhairnéalaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Eachtra an Mháirnealaigh.Bí fear i Glonndae na Gaillimhe aon uair amháin. Máirnéalach do beadh é. Chuaidh sé go Danmhairgh uair amháin agus nuair a tháinigh sé i dtír chuaidh sé ag breathnú ar an áit agus bhí sé ag déanamh iongantais ar gach a bhfaca sé ann, agus dubhairt sé nach raibh a leithéide sa mbaile in Éirinn. Aon lá amháin chuaidh sé soir an bothar seo, cé casadh leis ar an mbealach acht sean-fhear agus é, ag caoineadh. Bhí feasóg fada liath air agus bhí sé an aosta. Bhí buichéad in a laimh aige mar beadh sé dul i gcoinne buicéidh uisge. Bhí iongantas ar an máirnéalach ce'n fáth a raibh an sean-fhear ag gol. D'fiafruigh sé de'n sean-dhuine ce'n fáth a raibh sé ag gol, agus d'freagair fear na féasóige é. "M'athair," a dubhairt fear na féasóige "a bhuail mé agus a chuir i gcoinne uisge mé" "Muise bhfuil tu a rádh liom go bhfuil t-athair beo" "ars an máirnéalach. Tá sé beo acht tá sé sa leabaidh le seacht mbliana" ars an sean-fhear.
Siubhal sé in aoindigh le fear na féasóige. Thugh sé an canna as a laimh agus d'iomchur sé é, chun an tighe. "Anois" a dúbhairt fear na féasóige, "ar an bpoinnte a thiocaidh tú isteach an doras iarrfhiadh [!] m'athair tú a marbhughadh. Cuirfhidh sé fáilte rómhath agus dearfhaidh sé leat(continues on next page)- Collector
- Seán de Faoite
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway
- Informant
- Seán de Faoite
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway