Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Crumlin, Co. Galway
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromghlinn (B)
- XML Leathanach 163
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Ní fuil agus ní feoil agus ní cnámh é, agus is as fuil agus feoil a d'fás sé. Fr. Ionga.
2. Teach beag lán de bhidhe agus gan fuinneóg ná doras air.
Fr. ubh.
3. Seandhuine beag dubh agus a theach ar a ghualainn aige.
Fr. Seilmide.
4. Baraille ar an t-sráid agus a dhá cheann dúnta. Fr. ubh.
5. Siud sa gelúid é agus dhá chéad suil air. Fr. Pota anbruith.
6. Tá teach beag agam nach suidhfeadh luch ann, acht ní chomhairfeadh a bhfuil sa mbaile mór na fuinneoga atá ann.
Fr. mearachán
7. Chuaidh caora isteach i mbearnán, Céad caora eile, a maor agus a mhadadh. Cé mead cos é sin?
Fr. dá chois.
8. Ceard a deanfas péire bróg? Fr. dhá bhróig.
9. Muiltín iarainn is driobailín olna. Fr. Snáthad agus snátha.
10. Tá sé an o thús an t-saoghail is níl se ráithe d'aois. Fr. An Geallach.
11. Fear glas san ngarrdha agus céad cóta air. Fr. Das cabáiste.
12. Ce'n rud a ghnionns siubhal ar a chloigeann? Táirgne bróg.
13. Cé'n rud is mó a bhfuil súilí air ach ní fheiceann? Fata.
14. Má dheanann punt culath eadaigh, ceard a dheanfas briste. Fr. Tailliúr.
15. Chomh árd le balla, chomh bhán le bainne, chomh dearg le fuil, chomh milis le mil. Fr. Ubhal.
16. Fear beag in a sheasamh le claidhe, itheann sé gach a bhfághann sé acht ní ólann sé uisge. Fr. Teine.(leanann ar an chéad leathanach eile)