School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 195
  3. XML “An Gabha agus an Cheárta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Trí cinn de ceardchain atá san bparróiste seo. Is le Máirtín Ó h-Urnaigh ceann aca. Tá an ceann sin ag an gcrois-bhóthar in aice le Béal Átha 'Ghlúinín. Bhí ceardcha annsin fhad is cuimhnigheanns na daoine. Ba é Páidín Bán an gabha deireannach a bhí ann. Tháinic Mac Uí h-Urnaigh as Carn mór in aice le Baile Átha-an Riogh ag tabhairt congnamh do Pháidin. Ní raibh aon clann mhac ag Paidín, phós an h-Urnach a inghean, agus thug Páidín an ceardcha, agus gach a raibh ann, dó. Bhí athair Mhairtín in a gabha roimhe, thuas i gCarn Mór.
    Tá gabha eile i bhFarabhán. Sé Seán Ó Raghallaigh an t-ainm atá air. Bhí a athair in a ghaba san áit ceadna roimhe. Sé Seán Ó Dúgain an triomhadh gabha atá againn san bparróiste. Thíos i Mainistir atá an ceardcha aige-san. Ní as an áit seo é, is as Bearna Dearg a thainig sé. Is feilméar é a athair.
    Siad seo na h-uirléisí oibre a bhionns ag an ngaba, casúr, ord, teanchar, builg, tairngí, inneon, bior, líomhán, eige cuimilte. Osgluigheann an gabha doras na ceardchan ar maidin agus faduigheann sé teine ann. Bíonn sé ag obair annsin o maidin go h-oidhche. Cuireann sé cruidhthe fé capaill agus fé asail. Deanann sé céachtai, cliathacha,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. smithing (~2,389)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Laithmhe
    Gender
    Male
    Age
    11
    Address
    Crumlin, Co. Galway