School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)

Location:
Crumlin, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 194

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 194

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromghlinn (B)
  2. XML Page 194
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    círeacha, snatha agus snáthaidhe,
    Bionn fir mala agus lucht iarrachta na déirce thart san áit go minic freisin. Bionn na fir mála ag tóruigeacht uibheacha, plúr, bagún, tae agus siucra, agus bionn lucht iarrachta na déirce ag iarraidh píghneacha, uibheacha, arán, tae agus siucra.
    Seo iad ainmntacha na dtincéar a thagans go dtí an áit seo. Muinntir Bháird, muinntir Mac Suibhní, muinntir Mongáin, muinntir Mathúin.
    'Siad seo ainmneacha na gcrannuidhe, Páidín Mac an Bháird, Brian Ó Seoighe, Bean Uí Cillcomáin, agus bionn Brighid bean Uí Trábhair thart beagnach gach seachtmhain ag diol iasg. Sgadáin a bhionns le diol aici acht corr uair bionn runnacha agus faoitíní aici.
    'Siad seo ainmneacha na ndaoine. Bhionns ag iarraidh na déirce, "Dún na nGall" , "Maigeen Jock," Nóra Antoins, Stiophán Ó Réineadha, "Ródai," "Paicín Bacach," Síghla Ní Mhurchadha, Pak Reilly.

    Seo iad paidreacha a bhionns ag lucht iarachta na déirche.
    "Beannacht dílis Dé le h-anam na mharbh"
    "Go méadhúigh Dia do stór."
    "Go raibh tú seacht n-uaire níos fearr bliadhan o indiú agus o amarach."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Laimhthe
    Gender
    Male
    Address
    Crumlin, Co. Galway