School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0082, Page 207
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear má nígheann duine a éadan san drúcht ar mhaidin lae Bealtaine nach mbeidh sé doighte ag an ngréin ar feadh an t- samhraidh. Ní leigtear cead do duine ar bith splannc no aithinne a tabhairt amach as an teach an lá sin nó ní thuibradh duine ar bith braon bainne do duine eile ar fhaithcios go n-imtheochadh an bainne ar fad don t-é sin.
Deirtear freisin gur feidir an bainne a thógail ó na bá an lá sin. ‘Sé an caoi a ndeantear é, dul isteach sa sráid agus crúca iarrain a chur sa gcarn aoiligh roimh eirigh gréine. Creidtear má chuireann duine, a bhfuil comhacht draoidheachta aige, cac bó faoi cuinneóig duine eile, gur feidir leis, an t-ím a bíonns i mbainne bó an duine sin a tabhairt leis.- Collector
- Pádhraic Ó Laimhthe
- Gender
- Male
- Age
- 11
- Address
- Crumlin, Co. Galway