School: Cromghlinn (B) (roll number 12606)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá 'le Stiopháin
Micheál C. De Búrca as Cruim-ghlinn, do sgriobh (aois 13)
Lá ‘le Stiophán teigheann na daoine fásta ar cúairt. Teigheann na búachaillí thart leis an dreóilín agus bhíonn rann gá casadh acu. Bíonn an boiscín gléasta go deas le eidheann agus ribíní. Seo é an rann a bhíonns aca.
‘Dreolín, Dreoilín rí na n-éan,
Is mór é a mhuirín agus is beag é fhéin,
Lá Stiophán gabhadh é
Súas leis an citeal agus síos leis an bpan
Eirigh súas bean an tighe
Beir ar sgéin na cosa buidhe
Tabhair duinn píghin nó dá phíghin a cuirfheas é’
Bíonn an dreoilín beó ag go leór búachaillí. Cuireann síad isteach i lampa cár é. Geobhfhann síad seo níos mó airgead ná na buachaillí a mbíonn sé marbh aca.Baluigheann siad airgead uibheacha agus arán. Bíonn síad amach ó mhaidin go hoídhche. Bíonn na búachaillí móra ag dul ó theach go teach an lá sin freisin. Bíonn gléas ceól acu agus damhsuigheann síad dreas i ngach tígh. Bíonn sean éadaigh orra. ‘Mummers’ a thugann na daoine orra.- Collector
- Micheál C. de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Crumlin, Co. Galway