School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Location:
Loughaconeera, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Mac Aodhgáin

Filter stories

Back
/ 160 Forward
Resolution: Low | High
An Chaoirín Ghlas

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0008, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí rí i nÉireann fadó agus bhí aon inghean amháin aige nuair a fuair a máthair bás ach phós an rí aríst.
Bhí an dearg-ghráin ag an leas-mháthair ar an inghean agus chuireach sí i bhfad ón teach í ag tabhairt aire do chaoire. Ní thogadh an leas-mháthair aon lón don chailín agus cheap sí go bhfuigheadh an cailín bás leis an ocras, ach ní mar sin a tharla. Bhí an cailín ag fás suas go raibh sí i na cailín breágh dathamhail sgiamhach. Chuile lá nuair a bhíodh sé an dó-dhéag thagadh caoirín glas a bhí ann agus thugadh sí biadh don chailín aagus is in é an chaoi ar mhair sí. Mhair sí sgathamh fada ar an gcaoi sin ach ar deireadh thug an leas-mháthair faoi deara go raibh an cailín i bhfad ní ba bhreághthe ná a clann féin.

(continues on next page)
Collector
Áine Ní Bhrian
Gender
female
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Informant
Peadar Ó Brian
Gender
male
Address
Loughaconeera, Co. Galway
Language
Irish