Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí i nÉireann fadó agus bhí aon inghean amháin aige nuair a fuair a máthair bás ach phós an rí aríst.
Bhí an dearg-ghráin ag an leas-mháthair ar an inghean agus chuireach sí i bhfad ón teach í ag tabhairt aire do chaoire. Ní thogadh an leas-mháthair aon lón don chailín agus cheap sí go bhfuigheadh an cailín bás leis an ocras, ach ní mar sin a tharla. Bhí an cailín ag fás suas go raibh sí i na cailín breágh dathamhail sgiamhach. Chuile lá nuair a bhíodh sé an dó-dhéag thagadh caoirín glas a bhí ann agus thugadh sí biadh don chailín aagus is in é an chaoi ar mhair sí. Mhair sí sgathamh fada ar an gcaoi sin ach ar deireadh thug an leas-mháthair faoi deara go raibh an cailín i bhfad ní ba bhreághthe ná a clann féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhrian
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Brian
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe