School: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Location:
- Loch Conaortha, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Aodhgáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thug sé chuig an gabha geal é agus fuair sé scór punt eile. D'fhiafruigh an gabha geal de an ndiolfadh sé an t-éinín agus dubhairt sé go ndíolfadh. Dhíol agus léigh an siopadóir an rud a bhí sgríobhtha faoina sgiathán. " An té a dhíolfas na h-aedhanna bheadh sé saidhbhir. Ansin thug sé féasta do na daoine an t-áthair agus an mháthair agus ní leigfeadh siad na gasúir chuig an bhféasta agus séard a rinne siad an fhuinneog a oscailt agus d'imthigheadar amach tríd an bhfuinneog. Chuaidh siad chuig doras an fhéasta agus chonaic siad na haedhanna ar an bpan ag rosta. Rith duine aca síos agus sgiob sé na haedhanna den phan agus d'itheadar beirt é. Bhíodar ag siubhal go deo nó go dtáinic siad go teach. Fuair siad lóistín ó bhean an tighe. Ar maidin nuair a d'éirigh siad chuaidh an bhean ag sochruigheadh an leapan agus fuair sí sparán airgid sna leaba agus thug sí do na gasúir é. Faoi cheann tamaill bhí an t-athair gá cuartuigheadh agus bhí siad fáighthe ag na póili. Tugadh tríd an chúirt iad agus dubhairt an dligheadóir nach bhféadfadh tada a dhéanamh orraibh gur ag iarraidh a mbeatha a bhí siad.
Ansin tugadh abhaile iad agus bhí an t-athair agus an mháthair ag casaoid orthu gach lá faoi go ndeachadar ag an bhféasta. Dubhairt duine aca, is maith an lá dúinne go ndeacha muid ag an bhféasta. Dubhairt sé go raibh rud sgríobhtha faoi sgiathán agus séard a bhí sgríobhtha faoi. "An té a d'íosfadh na h-aedhanna go mbeadh sé saidhbhir go deo".(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ních Confhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Brighid Ních Confhaola
- Gender
- Female