Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 035
  3. XML “Scéal faoi Fhear agus an tÉinín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thug sé chuig an gabha geal é agus fuair sé scór punt eile. D'fhiafruigh an gabha geal de an ndiolfadh sé an t-éinín agus dubhairt sé go ndíolfadh. Dhíol agus léigh an siopadóir an rud a bhí sgríobhtha faoina sgiathán. " An té a dhíolfas na h-aedhanna bheadh sé saidhbhir. Ansin thug sé féasta do na daoine an t-áthair agus an mháthair agus ní leigfeadh siad na gasúir chuig an bhféasta agus séard a rinne siad an fhuinneog a oscailt agus d'imthigheadar amach tríd an bhfuinneog. Chuaidh siad chuig doras an fhéasta agus chonaic siad na haedhanna ar an bpan ag rosta. Rith duine aca síos agus sgiob sé na haedhanna den phan agus d'itheadar beirt é. Bhíodar ag siubhal go deo nó go dtáinic siad go teach. Fuair siad lóistín ó bhean an tighe. Ar maidin nuair a d'éirigh siad chuaidh an bhean ag sochruigheadh an leapan agus fuair sí sparán airgid sna leaba agus thug sí do na gasúir é. Faoi cheann tamaill bhí an t-athair gá cuartuigheadh agus bhí siad fáighthe ag na póili. Tugadh tríd an chúirt iad agus dubhairt an dligheadóir nach bhféadfadh tada a dhéanamh orraibh gur ag iarraidh a mbeatha a bhí siad.
    Ansin tugadh abhaile iad agus bhí an t-athair agus an mháthair ag casaoid orthu gach lá faoi go ndeachadar ag an bhféasta. Dubhairt duine aca, is maith an lá dúinne go ndeacha muid ag an bhféasta. Dubhairt sé go raibh rud sgríobhtha faoi sgiathán agus séard a bhí sgríobhtha faoi. "An té a d'íosfadh na h-aedhanna go mbeadh sé saidhbhir go deo".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ních Confhaola
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Brighid Ních Confhaola
    Inscne
    Baineann