Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean - Focla.
    Is fearr go deireannac na go bráthac.
    Is feárr an t-ádh ná eirigh go moch.
    Is feárr an tslainte ná an saidhbhreas.
    is goire cabhair De na an doras.
    Is minic nac é an capall is fearr a thoganns an rás.
    Is maith an capall a tharrainngas a chárr féin.
    Gabh a codhladh leis an n-uan agus eirigh leis an n-éan.
    Is maith an bádhóir an fear atá ar an talamh.
    Ma bhíonn ciall agat beidh Dia agat.
    Is feárr cara sa gcuirt na punt sa sparán.
    Is milis dá ól é is searbh dá íoc é.
    An té a bhíos ag magadh bíonn a leath faoi féin.
    An té nacbfuighinn an fheóil is mór is fiú an t-anbhruith.
    Nil aon saoi gan locht.
    Is maith an tiománuidhe an fear atá ar an gclaidhe.
    Is fearr leath-builín nú bheith gan arán.
    Is feárr leath ná meat ???
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Máille
    Inscne
    Fireann