Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 101
  3. XML “Seáinín agus an Giosadán Pónaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreabhach ann uair amháin agus bhí sí an-bhocht. Bhí aon mhac amháin aice. Lá amháin dubhairt an mac go n-imtheoch sé leis ag saothrú airgid dó féin agus dá mháthair.
    Lá ar an bhárach ghléás sé é féin agus bhí sé ag siubhal nó go raibh sé ina thráthnóna. Ansin tháinig sé go dtí pálás mór. Bhuail sé ar dhoras an pháláis agus hosgluigheadh dó.
    Ní raibh istigh sa bpálás ach aon bhean amháin.
    "An dtiubharfá lóistín na hoídhche dom" ars an fear. "Tiubhrfa" ar sise "ach ith do shuipéar go beo mar is fathach atá pósta agam agus tá sé ag feadhach annis agus má fhaigheann sé istigh tú iosfa sé tú".
    "Cuirfeadh mé isteach sa gcómhra coirce tú más mian leat". "Ó is mian" ar seisean "áit ar bith a gcaithfinn an oídhche".
    Ní raibh sé i bhfad sa gcófra nuair a tháinig an fathach isteach.
    Nuair a bhí sé sgathamh istigh dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0328: The Boy Steals the Giant's Treasure
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Seoige
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Seoige
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe