Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “Mac Baintrí Chill Ghlasáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí rí ann fadó agus bhí inghean aige agus ní thiubhradh sé an n-inghean d'aoinne ach an té a bhainfeadh trí éitheach le bréag as. Bhí go leor ag teacht chuige agus bhí sé cinnte orra an n-inghean fhágháil mar ní raibh siad indon bréag sáthach mór a innseacht dó.
    Lá amháin tháinic fear go dtí é, thug sé amach ins an ngarraidhe agus d'fhiafruigh sé de an bhfaca sé aon ghas gabáiste ariamh chomh mór leis sin. "Chonnaiceas" a deir an fear "ag mo mháthair féin i gCill Glasán". Nuair a théigheadh daréag fear isteach ann lena gcuid tuathanna agus tálanna ar maidin Dia Luain, níl ann ach go mbeadh sé ar a leath-ghlún tráthnóna Dia Sathairn aca. Thug an rí annsin go dtí crann. "An bhfaca tú crann ariamh chomh mór leis sin?" "Chonnaiceas, ag mo mháthair féin i gCill Glasán". "Nuair a théigheadh na cearca suas air tráthnóna fóghmhair, bhídís ag piocadh na réalta den aer. Chuaidh mé féin suas ann tráthnóna amháin agus rug dreancaid ar mo chois agus chuir mé síos mo láimh agus mharbh mé í agus d'fheann mé í agus rinne mé seacht bpóca agus leath-phóca dá chraiceann.
    Thug an rí go dtí madar ealla é. " An bhfaca tú aon madar ealla ariamh chomh mór leis sin"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Míceál Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraich Ó Fatharta
    Inscne
    Fireann