Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 073
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 073
- XML “Scéal faoi Bheirt Seanfhear a Bhí ann Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt seanfhear ann fadó agus bhíodar an-bhocht.
Lá amháin chuaidh duine aca ag glanadh an sgioból agus fuair sé giní bhuidhe ar urlár an sgiobóil. Thug sé isteach é agus chuaidh sé ag iarraidh mála plúir.
Nuair a thainic sé abhaile dubhairt sé leis an seanfhear eile "cuir síos cáca" ar seisean. "Ní chuirfidh mé" ar seisean. "Cuirfidh mé féin síos mar sin é" ar seisean. Chuir sé síos an cáca.
Nuair a bhí sé in am é ionntú "Cé ionntós an cáca" ar seisean. "Ní ionntóidh mise é" arsa an seanfhear eile.
"Ionntóidh mé fein é" arsa na seanfhear eile agus b'éigean dhó féin é a ionntú.
Nuair a bhí sé in am é thógail dubhairt an seanfhear "cé tógfhas an cáca". "Ní thógfaidh mise é" arsa an seanfhear eile agus b'éigean dhó fein é thógáil.
Nuair a bhí an cáca leagtha ar an mbord léim sé anuas agus amach an doras. Ba ghearr a chuaidh sé nó gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Seoige
- Inscne
- Fireann