Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó darbh ainm Seán Ó Conghaile. Bhí sé bocht is uair amháin is uair amháin ní raibh aon bhlas le n-ithe aige is d'imthigh sé leis go Sasana. Bhí sé ag siubhal go dtáinic sé go dtí droichead, ar a dtugtar Droichead an Ádh. Bhí fear ina sheasamh ag an droichead is d'fhiafruigh sé de Sheán céard bhí thoruigheacht. Dubhairt sé gur airgead. "Ó" adeir an fear le Seán "dá mbeadh fhios agat go bhfuil áit i nÉirinn a bhfuil ciste óir i bhfolach. "Cén áit" adeir Seán. "I ngarraidhe Sheáin Ó Conghaile" dubhairt an fear. Nuair a chuala Seán é sin d'imthigh sé abhaile go dtáinic sé go dtí an garraidhe is fuair sé an t-ór gan aon stróbh, is bhí leac ór os cionn an phota a raibh sé. Bhí sgríobhnóireacht ar an lic ach ní raibh \seán indon é léigheamh.
    D'éirigh Seán saidhbhir ansin ach ní raibh sé i bhfad go raibh an t-ór caite is bhí sé chomh dona is bhí sé ariamh.
    Lá amháin tháinic scoláire bocht thart is thug Seán a bhéilidhe dhó. Nuair a bhí sé ite aige thug Seán an leac go dtí é. Léigh an scoláire an rud a bhí sgríobhtha uirthi. Sé an ciall bhí leis na rud céadhna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhríain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Bríain
    Inscne
    Fireann