Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh aige ach aon bhó amháin agus bhí garraidhe mór gabáiste aige.
Lá amháin fuair sé an búistéara leis an mbó a mharbhadh.
Marbhuigheadh an bhó ansin. Dubhairt an fear go mbeadh píosa feola aca le haghaidh chuile gas gabáiste dhá raibh sa ngarraidhe.
Chuaidh an fear ag obair lá ar na bhárach.
Nuair a tháinic sé ins an oidhche d'airigh sé gadhair ag troid ins an ngarraí gabáiste. D'fhiafruigh sé ghá mhnaoi cá ndeacha an fheoil "nár dhubhairt tú liom píosa dhi a chur ar gach gas gabáiste dá raibh sa ngarraí.
"Ó bhó bhó" arsa an fear ag caoineadh. "Ná bí ag glaodhach ar an mbó" arsa a mhnaoi. Shíl sí nach ag caoineadh a bhí sé. Caitheadh muid imtheacht ar fad arsa an fear.
Nuair a bhíodar ag dul amach "Tarraing an doras i do dhiaidh " arsa a fear ag rádh léithe an doras a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Brian
- Inscne
- Fireann