Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí amadán i gCuilleach, baile atá bfuigseacht dhá mhíle de'n Líneán. Bhí fear ag imtheacht ag tógál cíosa agus bhí sé ag imtheacht nó go dtáinic sé go dtí Cuilleach san áit a raibh an amadáin agus chroc sé a cóta ar cúl an dorais agus chroc sé a hata a phionna a bhí san mballa. Leag sé a mhála airgid ar an mbord agus a chuidh leabhar. Bhí feasóg mhór fhada air síos go dtí na bhásta. Thosuigh na mioltógaibh luig ar a phlait agus thosuigh an t-amadán ag rith ar na mioltógaibh. D'éist an t-amadán le na mioltógaibh nó go raibh suas le scór aca ar a cheann. Fuair sé tuairigín agus bhuail sé an duine uasal agus mharbuigh sé é. Thug an mhathair agus an t-áthair leo an duine uasal agus chuireadhar é. Bhí an t-amadán ag faire orthaibh. Bhí fhíos aca go n'innseochaidh an t-amadán orthaibh, agus nuair a fuair siad an t-amadán in a chodhladh thógadar an duine uasal agus chuireadar gabhar in a áit. Nuair a b'fhada le na mhuinntir ag baile go raibh sé ag tigheacht, tháinich siad ar a thuairisg agus nuair a tháinic siad go dtí Cuilleach, chuaidh siad isteach i dtigh an amadain. Chonnaic an t-amadán ag teacht iad agus chuaidh sé, agus d'innis sé dhóibh gur mharbuigh sé féin an duine uasal. Thug sé leis iad go dtí an áit a cuireadh an duine uasal agus nochtuigh an t-amadán ceann de na h-adharcaibh. "A raibh adharc ar t-áthair a deir sé a dhuine uasail"?(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peigi Ních Chadhain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Beag
- Ainmneacha eile
- Máirtín Beag (ainm áitiúil)
- Máirtín Ó Chúalain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe