Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “An Rí agus a Thriúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rí ann uair amháin a raibh triúr mac aige.
    Nuair a bhí an Rí an-lag roinn sé an talamh ar fad idir a thriúr mac. An mac ba shine bhí an talamh ag dul dó agus an t-airgead don dara mac ach ní raibh le fágháil ag an mac ab óige ach cat.
    "Ochón ó" arsa an mac ab óige "níl slighe bheatha ar bith agamsa".
    Nuair a mharbhóchas mé mo chat agus nuair a dhéanfas mé cupán súgha dá chuid feola ní fhéadfa mé maireachtáil ar bith a dhéanamh.
    Chuala an cat a mháighistir ag caint. "Bíodh ciall agat a mháighistir" arsa an cat "cuirfe mé geall leat gur saidhbhir an fear a bheas ionat má thugann tú mála agus péire bróg domsa.
    Thug sé na bróga agus an mála don chat ansin.
    Nuair a bhí an cat feisttighthe suas sna bróga chuir sé gas gabáiste ins an mála agus thug an doras
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0545: The Cat as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Seoighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Brian
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe