Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)

Suíomh:
Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Mac Aodhgáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Abairtí faoin Aimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ná creid Fionn is ná creid Fiach
    Is ná creid briatharthara mná
    Mar moch mall éireochas an ghrian
    Is mar thoil le Dia beidís an lá.
    An ghaoth aniar bíonn sí fial is cuireann sí iasc i líontaibh.
    An ghaoth aneas bíonn sí tais is cuireann sí fás na síolta
    An ghaoth adthuaidh bíonn sí cruadh is cuireann sí fuacht ar dhaoine.
    An ghaoth anoir bíonn sí tirm is cuireann sí olann ar chaoirigh.
    Nuair a bhíonn cúl an chait leis an teine bíonn aimsear bhreágh air.
    Nuair a bhíonns an ghrian buidhe ag dul faoi bíonn droch aimsear air.
    Nuair a bhíonn an ghrian buidhe ag éirighe bíonn aimsear bhreágh air.
    Nuair fheiceas tú an faoileán ar an talamh bíodh ádhbhar teineadh i ngar don tairseach.
    Má bhíonn an faoileán ar an tráigh bí cinnte go aimsear bhreágh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge