School: Cathair Loisgreáin (C)

Location:
Caherlustraun, Co. Galway
Teacher:
Máire Nic Aodha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0572

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0572

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Page 0572
  3. XML “Fear a Bhí ag dul Chuig an Margadh”
  4. XML “Sagart agus A Bhuachaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Sagart Agus A Bhúachaill.
    Bhí sagart ann fadó agus bhí buachaill aige. Bhí sé fhéin agus an búachall go han mhór lé chéile. Bhí sean fhear in a chómhnuidhe san teach in aice leobhtha, agus ní raibh san teach acht é fhéin. Bhí búachaill an tsagairt ar cúairt chuige gach oidhche, agus bhíodh síad ag cur síos ar an sean tsaoghail.
    Bhí síad mar sin nó gur cailleadh an sean-fhear agus cuireadh é. Ní raibh sé acht trí oidhche curtha, núair a ghlaodhadh ar an sagart lé dul chuig duine tinn. Bhí air a dhul thar an teampaill, in ar cuireadh an sean fhear. Cheap an búachaill go mbeadh sé deireannach núair a bhéadh sé ag filleadh abhaile. Ghléas sé é fhéin in a chulaidh gheal, agus chuaidh sé go dtí an roilg in a raibh an sean fhear curtha. Núair a chúala sé an sagart ag tigheacht in aice an roilg, thosuigh sé ag déanamh torann, agus do sheas an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.