School: Cathair Loisgreáin (C)

Location:
Caherlustraun, Co. Galway
Teacher:
Máire Nic Aodha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0568

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0568

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Page 0568
  3. XML “Scéal - Páidín Ó Ceallaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus dhearg sé a phíopa. Bí sé ag caitheam tobac núair a tháinig an duine uasal isteach.
    "B'féidir go bhfuil ocras ort" ars an duine uasal. "Níl a mháightear" [!] arsa Páidín. Bhúail an duine uasal bos ar an mbord, is ní fhacas leithéada do dhinnéar a bhí leaghtha ós cómhair Páidín. "Ith do sháith anois, bféidir go bhfuil tart ort" ars an duine uasal.
    Núair a bhí a sháith ithe [!] agus ólta ag Páidín, d'iarr an duine uasal an raibh sé in ann damhsa. Dubhairt sé go raibh. Bhúail an duine uasal bos ar an mbord, agus tháinig an ceóltóir is fearr dár chualaidh clúas ariamh isteach. "Fan anois, agus cuirfidh mé cailín ag damhsa leat" ars an duine úasal.
    Damhsadh síad go bréagh, agus núair a shíl sé casadh a bhaint aistí, ní raibh sí lé fághail aige. "D'imthigh sí sin uait a Pháidín." "D'imthigh a dhuine uasal agus níl fhios agam cá ndeachaidh sí." Ná bac leí, a Pháidín, tiubhraidh mise cailín eile dhuit. Tháinig cailín donn chuig Páidín agus dhamhsadh sí leis gur shíl sé casadh a bhaint aistí, agus ní raibh sí lé fághail aige. "D'imthigh sí sin uait," a Pháidín ars an duine uasal. "Tiubhraidh mise cailín duit nach iomóch dhuit." Tháinig cailín dubh annsin, agus damhsadh sí leis go raibh sí tuirseach.
    Núair nach raib Páidín ag teacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Duibhgiolla
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ó hUigín
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Kilwullaun, Co. Galway